As Gaeilge

Tá réimse leathan táirgí agus seirbhísí ó Mhozilla ar fáil as Gaeilge.

Bogearraí:

  • Firefox. An brabhsálaí is fearr, príomhtháirge Mhozilla, as Gaeilge ó 2004.
  • Thunderbird. Clár ríomhphoist den chéad scoth.
  • Lightning. Féilire ó Mozilla, ar fáil mar bhreiseán in Thunderbird.

Suímh Ghréasáin:

Maidir linn:

Bunaíodh Foireann Aistriúcháin Mhozilla i 2003. Ba mhaith linn bogearraí den chéad scoth a sholáthar do phobal na Gaeilge, saor in aisce. Más mian leat cabhrú linn in aistriú, profáil, tástáil nó an focal a scaipeadh faoi na táirgí iontacha seo, scríobh chugainn ag gaeilge@mozdev.org.